Tar linn ar aistear ar fud an domhain chun cuairt a thabhairt ar
 15 iontas de dhéantús an duine. Ní inniu ná inné a tógadh cuid
 de na háiteanna iontacha aisteacha a fheicfidh tú ar an turas seo,
 ach na céadta nó na mílte bliain ó shin. Cuid eile acu is le déanaí a
 tógadh iad agus tá ceann amháin acu fós á tógáil, fiú. Is cuma ársa
 nó úrnua iad, tá áilleacht, éachtaí agus eachtraí ag baint le gach
 ceann acu: An Taj Majal, Machu Picchu agus Pirimid Chúfú ina
 measc.