Fáilte chuig Teach Teidí! Téimis ina theannta go tír na samhlaíochta, áit a mbeidh Bricfeastasár, Foghlaí Mara, Capall Draíochta agus neart carachtar eile ar bís le bualadh libh! Foghlaimeoidh sibh amhráin agus rannta spraíúla nuachumtha ag Sadhbh Rosenstock.
Is cumadóir, scríbhneoir amhrán, múinteoir bunscoile agus údar as Baile Átha Cliath í Sadhbh Rosenstock. D'eisigh Gael Linn an ceirnín Picnic Teidí sa bhliain 2020. Scór amhrán agus rann a chum Sadhbh a bhí ann.
Tá ríméad uirthi a bheith ag obair le Gael Linn arís i mbliana ar cheirnín nua dar teideal Teach Teidí. Tá Teidí agus a chlann ar ais arís le tuilleadh eachtraí agus beidh spórt is spraoi ag gach éinne i dTeach Teidí! Yipí!
- Teach Teidi
- Buzaí Bumbóg
- Foghlaí Mara
- An Róbat
- Capall Draíochta
- Seó Puipéad
- Spáslong sa Ghairdin
- Slat Draíochta
- Parlús Uachtair Reoite
- Scátaí Rothacha
- Teachín Arán Sinséir
- Ag Réaltóireacht
- Bricfeastasár
- Ag Campáil
- Saoire Safari
- Balún Aer Te
- Bácús Teidi
- Mo Chara Buan
- Fuilibiliú!
Teidí and his family invite us into their house and bring us to the land of make-believe. Join the teddies on their adventures with brand new, fun-filled songs and rhymes for children by Sadhbh Rosenstock.
Sadhbh Rosenstock is a composer, songwriter, primary school teacher and author from Dublin. Sadhbh is delighted to collaborate again with Gael Linn on Teach Teidí after the success of Picnic Teidí. Join Teidí and his family for more fun and games! Yipee!